Céim 3
Comhlánaigh an toghairm agus cuir isteach í
Chun iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála, ní mór duit foirm ar a dtugtar toghairm a chomhlánú agus a iarraidh ar an tSeirbhís Chúirteanna í a shíniú. Roghnaigh an fhoirm toghairme cothabhála thíos atá oiriúnach do do chás. Mura bhfuil tú cinnte cén toghairm is ceart a roghnú, is féidir le foireann na Seirbhíse Cúirteanna tú a chur ar an eolas faoi na roghanna éagsúla atá ar fáil.
Seo a leanas na chéad chéimeanna eile atá agat:
- Líon isteach an fhoirm toghairme choibhneasta thíos. Déan cinnte go bhfuil an t-eolas ar fad comhlánaithe ach ná sínigh nó ná cuir isteach dáta agus am cúirte ar an toghairm. Déanfaidh foireann na Seirbhíse Cúirteanna é sin.
- Iarr ar fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna an toghairm a shíniú agus dáta éisteachta a shannadh do do chás. Is féidir leat é sin a dhéanamh tríd an bpost nó trí fhreastal ar oifig na cúirte.
- Má líontar an toghairm i gceart, síneoidh ball foirne í agus sannfaidh sé/sí dáta éisteachta sealadach. Seolfaidh sé/sí an toghairm ar ais chugat ansin. Chun dáta éisteachta do cháis a dheimhniú, ní mór duit céimeanna 4 agus 5 den treoir céim ar chéim seo a chomhlánú.
Roinnt téarmaí dlíthiúla le cuimhneamh orthu agus toghairm chothabhála á líonadh amach agat:
- Tugtar an t-iarratasóir ar an duine a dhéanann an t-iarratas cothabhála tosaigh. Tugtar an freagróir ar an duine a n-iarrtar air/uirthi cothabháil a íoc.
- Nuair a bhíonn ordú cothabhála déanta, tugtar an féichiúnaí cothabhála ar an duine a íocann an chothabháil. Tugtar an creidiúnaí cothabhála ar an duine a fhaigheann na híocaíochtaí.