Conas Riaráistí Cothabhála a Aisghabháil

Céim 3
Freastal ar choinne i dTeach an Charnáin


Ba chóir duit teacht go dtí Teach an Charnáin in am trátha le haghaidh do choinne ar an dáta a roghnaítear nuair a chuirtear in áirithe é. Ag an gcoinne, siúlfaidh ball foirne d'oifig chúirte tú tríd an bpróiseas chun d'iarratas cothabhála a chomhlánú agus a chur isteach. 

Chun a chinntiú nach gcuirfear moill ar do choinne, ba cheart duit roinnt doiciméad a thabhairt leat, lena n-áirítear: 

  • Foirm bhailí aitheantais ar nós Pas, Ceadúnas Tiomána, nó Cárta Seirbhísí Poiblí. 
  • I gcás gach iarratais a dhéanann tú, ní mór duit an seoladh ina bhfuil cónaí ar an bpáirtí eile faoi láthair a bheith agat agus Foirm Dhaingnithe Seolta a chomhlánú.
  • Ní mór duit ainmneacha iomlána agus dátaí breithe gach linbh atá bainteach le d'iarratas agus an seoladh ina bhfuil siad ina gcónaí a bheith agat. 

Más féidir na gníomhartha riachtanacha go léir a chur i gcrích le linn do choinne, tabharfar an dáta duit ar a mbeidh tú le freastal ar an gcúirt. Déanfaidh an oifig chúirte na doiciméid a sheirbheáil ar an bpáirtí eile thar do cheann.