Achomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh nó le hordú a rinneadh sa Chúirt Dúiche, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh air. Éistear achomharc ón gCúirt Dúiche sa Chúirt Chuarda arb í an chéad dlínse chúirte is airde eile í. Déanann tú é sin trí dhoiciméad um Fhógra Achomhairc a sheirbheáil agus a thaisceadh.

ceithre lá dhéag agat ó dháta an ordaithe cúirte a bheith déanta chun do dhoiciméid achomhairc a sheirbheáil agus a thaisceadh. Má tá tú lasmuigh den tréimhse ama sin, áfach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama chun achomharc a dhéanamh. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar shíneadh ama chun achomharc a dhéanamh, ní mór duit é sin a chur in iúl don pháirtí eile sa chás freisin.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chás.

Téarmaí dlíthiúla le bheith ar eolas agat faoin bpróiseas achomhairc

  • Maidir le cúrsaí Dlí Teaghlaigh, mura n-ordaíonn breitheamh a mhalairt, ní fheidhmíonn achomharc mar bhac ar an ordú bunaidh. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tú géilleadh d'ordú bunaidh na Cúirte Dúiche go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gCúirt Cuarda maidir le d'achomharc.
  • Athéisteacht iomlán ar chás bunaidh na Cúirte Dúiche a bheidh in achomharc na Cúirte Cuarda. I dtéarmaí dlíthiúla, tugtar éisteacht de novo air sin, rud a chiallaíonn 'as an nua' go litriúil.
  • Tugtar an t-achomharcóir ar an duine a dhéanann achomharc ar ordú. Tugtar na freagróirí ar na páirtithe eile.

Tá roinnt céimeanna le glacadh chun achomharc a dhéanamh ar ordú ón gCúirt Dúiche sa Chúirt Chuarda.

Níl san eolas go léir ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'achomharc ceart. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Smaoinigh ar chomhairle dlí a fháil

Is féidir le hachomhairc Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar rudaí amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Íoslódáil agus comhlánaigh Fógra Achomhairc

Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm Fógra Achomhairc. Mura féidir leat an fhoirm a íoslódáil, is féidir leat ceann a iarraidh ó oifig na cúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Seirbheáil an Fógra Achomhairc

Nuair a bheidh Fógra Achomhairc comhlánaithe, sínithe agus dátaithe agat, ní mór duit cóip a chur ar fáil d'aon pháirtí eile atá páirteach sa chás. Tugtar seirbheáil air sin. Ciallaítear leis sin na páirtithe a chur ar an eolas go bhfuil achomharc á dhéanamh agat ar an ordú chuig an gCúirt Chuarda.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar Éisteacht Cúirte Cuarda

Gheobhaidh tú féin agus an freagróir fógra ó oifig na cúirte lena gcuirtear dáta agus ionad na héisteachta achomhairc in iúl duit. Athéisteacht iomlán a bheidh ar an ábhar a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith. Ath-éisteacht iomlán a bheidh i gceist ar an ábhar leis seo a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Déanann an Breitheamh cinneadh

Tar éis an cás a éisteacht, déanfaidh an breitheamh cinneadh ar a dtugtar ordú cúirte. Beidh aon teorainneacha dlínse a bhí i bhfeidhm sa Chúirt Dúiche i bhfeidhm sa Chúirt Chuarda freisin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >