Toghairm Chothabhála a Sheirbheáil agus Cruthúnas ar Sheirbheáil

Ní mór don iarratasóir toghairm chothabhála a chomhlánú agus ní mór do chléireach na cúirte í a shíniú. Coimeádann an t-iarratasóir an toghairm bhunaidh ach ní mór dó cóip di a chur chuig an bhfreagróir. Tugtar seirbheáil air sin.

Beidh cruthúnas ag teastáil ón gcúirt gur sheol an t-iarratasóir an toghairm chuig an bhfreagróir. Tugtar cruthúnas ar sheirbheáil air sin.

Toghairm a sheirbheáil

  1. Tríd an bpost cláraithe

    Is féidir leat é a sheoladh chuig seoladh baile nó seoladh oibre an fhreagróra is deireanaí atá ar eolas. Ní mór duit an deimhniú postais a thugtar duit in oifig an phoist a choinneáil mar beidh sé ag teastáil uait chun seirbheáil a chruthú. Ba chóir duit an freagróir a sheirbheáil chomh luath agus is féidir ach ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta na cúirte.

  2. Trí sheirbheáil i bpearsa

    Ciallaíonn sé sin na doiciméid a sheirbheáil i bpearsa trí iad a thabhairt don fhreagróir. Is féidir le freastalaí toghairme iad a sheirbheáil freisin, ar duine é/í a dhéanann speisialtóireacht ar dhoiciméid dhlíthiúla a sheirbheáil. Ní mór dó/di iad a sheirbheáil de réir rialacha na cúirte. Gearrfar táille ort as an tseirbhís seo, mar sin pléigh na táillí roimh ré. Ba chóir duit an freagróir a sheirbheáil chomh luath agus is féidir ach ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta na cúirte.

  3. Ar mhodh malartach arna fhormheas ag an gcúirt

I gcásanna áirithe, is féidir leis an gcúirt cead a thabhairt doiciméid a sheirbheáil ar mhodhanna eile, amhail tríd an ngnáthphost nó trí ríomhphost. Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar chead chun doiciméid a sheirbheáil ar mhodh difriúil. Tugtar iarratas ar sheirbheáil ionadach air sin. Má thugtar cead, ní mór an toghairm a sheirbheáil ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta na cúirte.

Cruthúnas ar sheirbheáil

Tar éis na doiciméid a sheirbheáil, ní mór duit cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt. Déanann tú é sin trí Dhearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhdú. Is dearbhú é sin lena bhfíoraítear gur seirbheáladh na doiciméid laistigh de thréimhse réasúnta ama.

  • Ní mór é a shíniú agus a dhearbhú i láthair aturnae (ach ní d'aturnae féin), i láthair Coimisinéir Mionnaí nó i láthair Feidhmeannach Síochána. D'fhéadfadh táille a bheith i gceist don tseirbhís seo agus mar sin ba chóir duit í a phlé roimh ré.
  • Ní mór an Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála sin a chomhdú leis an toghairm bhunaidh in oifig na cúirte

Tá dhá chineál dearbhaithe reachtúil ann ag brath ar an gcaoi ar sheirbheáil tú na doiciméid:

  • Má seirbheáladh an toghairm leis an bpost cláraithe (Foirm 41.01)

Mura seolann An Post na doiciméid ar ais chugat laistigh de dheich lá, is féidir leat Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála (Foirm 41.01) a chomhlánú. Ba chóir an deimhniú postais a cheangal leis an dearbhú reachtúil nach mór a chomhdú ansin in oifig na cúirte mar aon leis an toghairm bhunaidh.

Ní mór don duine a sheirbheáil na doiciméid Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála (Foirm 41.03) a chomhlánú chun a dhearbhú gur seirbheáladh na doiciméid. D'fhéadfadh gur tusa féin a bheadh sa duine sin nó d'fhéadfadh gur freastalaí toghairme a bheadh ann. Ní mór é seo a chomhdú ansin in oifig na cúirte mar aon leis an toghairm bhunaidh.

Nóta: Má sheolann An Post an toghairm ar ais chugat gan í a sheirbheáil, déan teagmháil láithreach le hoifig na Seirbhíse Cúirteanna chun tuilleadh treoracha a fháil.