Ráiteas príobháideachais & fianáin
Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo conas a bhailíonn agus a phróiseálann Seirbhís na gCúirteanna do shonraí pearsanta. Áirítear leis seo an t-eolas a sholáthraíonn tú nuair a úsáideann tú an suíomh gréasáin seo, nuair a úsáideann tú ár seirbhísí, nuair a dhéileálann tú lenár bhfoireann, nó nuair a thuairiscíonn tú fadhb lenár suíomh.
Léigh an ráiteas príobháideachais seo in éineacht le haon fhógraí príobháideachais eile a d’fhéadfaimis a sholáthar uaireanta ar leith. Comhlánaíonn an ráiteas seo fógraí eile agus ní sháraíonn sé iad.
Cé muid
Tagraíonn ‘muid’, ‘sinn’ agus ‘ár’ do Sheirbhís na gCúirteanna. Táimid freagrach as bainistíocht agus riarachán na gcúirteanna. Níl baint againn le riaradh an cheartais. Déanann breithiúna feidhmeanna breithiúnacha go neamhspleách, agus iad faoi réir an Bhunreachta agus an dlí amháin.
Nuair a bhíonn sonraí pearsanta mar chuid de thaifead cúirte, déanann Seirbhís na gCúirteanna na sonraí seo a phróiseáil thar ceann na gcúirteanna.
Conas teagmháil a dhéanamh linn
Seo a leanas príomhsheoladh Sheirbhís na gCúirteanna:
Phoenix House, 15/24 Sráid Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) ceaptha againn atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí. Chun teagmháil a dhéanamh leis an OCS:
- Ríomhphost: [email protected]
- Post: Oifigeach Cosanta Sonraí, Phoenix House, 15/24 Sráid Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, Éire
An t-eolas a bhailímid
Ciallaíonn sonraí pearsanta aon eolas faoi dhuine aonair ar féidir é a shainaithint. Ní áirítear sonraí gan ainm leis. D’fhéadfaimis na nithe seo a leanas a bhailiú:
- Sonraí aitheantais agus teagmhála: ainm, seoladh, dáta breithe, sonraí teagmhála, Uimhir PSP, srl.
- Sonraí airgeadais: cuntas bainc, sonraí cárta, faisnéis bhilleála.
- Faisnéis ghnó: eolas a sholáthraíonn tú i do chuid déileálacha linn.
- Sonraí próifíle agus úsáide: sonraí logála isteach, roghanna, sonraí úsáide an tsuímh gréasáin.
- Sonraí teicniúla: seoladh IP, brabhsálaí, cineál gléis, córas oibriúcháin.
- Sonraí rochtana fisiciúla: taifid cuairteanna ar áitribh.
- CCTV: íomhánna a thaifeadtar ar mhaithe le slándáil i bhfoirgnimh chúirte agus timpeall orthu.
- Sonraí pearsanta íogaire: i gcúinsí teoranta, amhail sonraí sláinte nó taifid choiriúla.
Conas a bhailímid do shonraí pearsanta
D’fhéadfaimis sonraí a bhailiú nuair:
- a úsáideann tú ár seirbhísí nó ár n-ardáin ar líne
- a sholáthraíonn tú seirbhísí dúinn
- a dhéanann tú comhfhreagras linn (ar an bhfón, trí ríomhphost, trí phost nó go pearsanta)
- a chomhlánaíonn tú foirmeacha, a dhéanann tú fiosrúcháin nó a idirghníomhaíonn tú ar ár láithreáin ghréasáin
Conas a úsáidimid an t-eolas seo
D’fhéadfaimis do shonraí a úsáid chun:
- ár gcaidreamh leat a bhainistiú, lena n-áirítear íocaíochtaí agus taifid
- oibleagáidí dlí a chomhlíonadh agus tacú le hoibriú na gcúirteanna
- seiceálacha comhlíonta agus iniúchtaí a dhéanamh
- seirbhísí agus cumarsáid a fheabhsú
- slándáil a bhainistiú agus calaois a chosc
- iarratais fostaíochta a phróiseáil
- cearta dlí a fheidhmiú nó a chosaint
Slándáil agus rúndacht
Úsáidimid bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí chun do shonraí a chosaint ar chaillteanas, mí-úsáid nó rochtain neamhúdaraithe. Mar sin féin, níl aon chóras go hiomlán slán agus is ar do phriacal féin a dhéantar tarchur sonraí ar an idirlíon.
Tá nósanna imeachta i bhfeidhm againn chun déileáil le sáruithe amhrasta agus cuirfimid tusa agus rialtóirí ar an eolas nuair a éilítear é de réir dlí.
Do chearta
- Rochtain: cóip de na sonraí atá againn fút a iarraidh
- Cruinneas: iarraidh orainn do shonraí a nuashonrú nó a cheartú
- Agóid: iarraidh orainn stop a chur le do shonraí a phróiseáil i gcásanna áirithe
- Scriosadh: iarraidh go scriosfaí sonraí nach bhfuil gá leo a thuilleadh
Taifid chúirte
Tá taifid chúirte faoi rialú na gcúirteanna, ní faoi rialú Sheirbhís na gCúirteanna. Tá sonraí a phróiseáiltear i gcáil bhreithiúnach clúdaithe ag alt 158 den Acht um Chosaint Sonraí 2018. Tá fógra ginearálta cosanta sonraí do na cúirteanna ar fáil anseo.
Athruithe ar an ráiteas príobháideachais seo
Déanaimid an fógra seo a nuashonrú ó am go ham, mar shampla má athraímid an chaoi a n-úsáidimid faisnéis nó má nuashonraímid ár dteicneolaíocht.