Cinnteoireacht Chuidithe (ADMC)

Ag pointí éagsúla i do shaol, b'fhéidir go mbeidh ort cinntí tábhachtacha a dhéanamh maidir le leas pearsanta, agus maoin agus sócmhainní, duit féin nó do dhuine a bhfuil baint agat leat.

Is é an smaoineamh atá taobh thiar de Chinnteoireacht Chuidithe (ADMC) ná an leas is fearr a bhaint as do chumas féin cinntí a dhéanamh chomh maith leis na tacaíochtaí a thabhairt duit a theastaíonn uait chun na cinntí sin a dhéanamh.

Ligeann Cinnteoireacht Chuidithe duit pleananna a dhéanamh roimh ré má thagann cás chun cinn riamh nuair a chailleann tú an cumas na cinntí seo a dhéanamh duit féin. 

Ní bhaineann na socruithe seo ach le daoine fásta os cionn 18 mbliana d'aois.

Part of