An Chúirt Achomhairc agus an Ard-Chúirt – Treoracha Cleachtais nua arna n-eisiúint maidir le hÚsáid Fhreagrach na hIntleachta Saorga Giniúnaí i nDoiciméid Chúirte

D’eisigh an Breitheamh Caroline Costello, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus an Breitheamh David Barniville, Uachtarán na hArd-Chúirte Treoracha Cleachtais maidir le hÚsáid Fhreagrach na hIntleachta Saorga Giniúnaí i nDoiciméid Chúirte.

Tiocfaidh na Treoracha Cleachtais seo i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2026 agus léifear iad in éineacht le Treoracha Cleachtais láithreacha.

Moltar do chleachtóirí agus do dhlíthithe dul i dtaithí leis na Treoracha Cleachtais agus a chinntiú go gcloítear go hiomlán leis na forálacha ábhartha chun iarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint.

Déan na naisc thíos a chliceáil chun teacht ar na Treoracha Cleachtais ina n-iomláine:

An Chúirt Achomhairc
CA 16 – Treoir Chleachtais maidir le hÚsáid Fhreagrach na hIntleachta Saorga Giniúnaí i nDoiciméid Chúirte

An Ard-Chúirt
HC 142 – Treoir Chleachtais maidir le hÚsáid Fhreagrach na hIntleachta Saorga Giniúnaí i nDoiciméid Chúirte

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • High Court
  • Court Of Appeal