Seolann an tAire O’Callaghan, an Príomh-Bhreitheamh Donal O’Donnell agus an Breitheamh Nuala Jackson Treoirlínte Breithiúnacha nua maidir le Tuarascálacha Saineolaithe in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh

Launch of new Judicial Guidelines on Expert Reports in Family Law Proceedings

Sheol an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce Jim O’Callaghan, an Príomh-Bhreitheamh Donal O’Donnell agus an Breitheamh Nuala Jackson Treoirlínte Breithiúnacha nua inniu maidir le coimisiúnú, ullmhú, ábhar agus úsáid tuarascálacha saineolaithe in imeachtaí Dlí Teaghlaigh. Ag an seoladh sna Ceithre Cúirteanna, dúirt an tAire O’Callaghan,

 Expert reports play an important role in family law proceedings. They assist the court in determining the child’s best interests by providing expert opinion on any question affecting the welfare of the child….

I want to thank the Chief Justice for his proactive commitment to establishing a Judicial Committee to develop these guidelines, and the Honourable Ms Justice Nuala Jackson of the High Court for chairing the Committee…  I am confident that these guidelines will promote consistency and best practice in the use of expert reports in family law proceedings. They will support the judiciary in their decision making and ensure that children are at the centre of our efforts to improve outcomes for them and their families.” 

 Is é is aidhm do na treoirlínte:

  • Ullmhú tuarascálacha a bhrostú go háirithe trína áirithiú go mbeidh an tsaincheist/na saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu dírithe agus soiléir;
  • Comhsheasmhacht a fheabhsú i ndáil le tuarascálacha den sórt sin a ullmhú agus a úsáid agus i ndáil le horduithe cúirte a bhaineann le tuarascálacha a choimisiúnú agus a scaoileadh;
  • Soiléireacht a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile i réimse an dlí teaghlaigh phríobháidigh maidir le ról agus úsáid na dtuarascálacha sin.

Chuir Coiste Breithiúna arna cheapadh ag an bPríomh-Bhreitheamh Donal O’Donnell na treoirlínte seo i dtoll a chéile i gcomhairle leo siúd a bhfuil baint acu leis an Dlí Teaghlaigh. Ag labhairt dó ag an seoladh, thug an Príomh-Bhreitheamh Donal O’Donnell dá aire;

“These judicial guidelines reflect the comprehensive work of a committee chaired by Ms Justice Nuala Jackson, informed by engagement with a wide range of stakeholders. I am grateful for the commitment and expertise of the committee in producing a practical framework that supports best practice in the commissioning and use of expert reports in family law proceedings.  I hope that they will promote consistency and assist all those involved in such proceedings in ensuring that the welfare and best interests of the child remain paramount.”

Fuair an Coiste aighneachtaí ó Ranna Rialtais agus ó ghníomhaireachtaí Stáit ábhartha, ó chomhlachtaí rialála, ó eagraíochtaí ionadaíocha, ó Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus ó charthanais san earnáil, chomh maith le hinstitiúid acadúil agus raon daoine leasmhara. Forbraíodh na treoirlínte mar thoradh ar mholadh ón Athbhreithniú ar Ról na dTuarascálacha Saineolaithe i bPróiseas an Dlí Teaghlaigh a d’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt a bhí ann an tráth sin i mí an Mheithimh 2024.

 Ag labhairt dó ag an seoladh, mhínigh an Breitheamh Jackson, Cathaoirleach an Choiste

“In the course of its work, the Committee examined the legal principles applying, considered the procedural issues arising in the context of such reports and engaged with stakeholders through circulation of a questionnaire, direct interviews and a forum organised by the Department of Justice.”

Tugtar aghaidh sna Treoirlínte ar na saincheisteanna seo a leanas:

1.Ról an tSaineolaí in Imeachtaí Príobháideacha Dlí Teaghlaigh lena n-áirítear dualgais ghinearálta saineolaithe

2.Treoir maidir le Cathain ba chóir Tuarascáil a Ordú                                           

3. Ábhar an Ordaithe                                                                                            

4. Saineolaí a cheapadh agus a threorú, lena n-áirítear:                                

  • Dualgais Réamhcheapacháin na bPáirtithe agus a nIonadaithe Dlí,
  • Dualgais Réamhcheapacháin an tSaineolaí,
  • Dualgais na Cúirte le linn Saineolaí a Cheapadh,
  • Dualgais an tSaineolaí sula dTosaítear ar an Measúnú, agus
  • Táillí an tSaineolaí a íoc.

5. Cumarsáid, lena n áirítear:                                                                             

  • Cumarsáid idir an Saineolaí agus na Páirtithe agus a nIonadaithe Dlí, agus
  • Cumarsáid idir an Saineolaí agus an Tríú Páirtí.

6. An Próiseas chun Tuarascáil a Thiomsú agus a Chur Isteach, lena n-áirítear:                                                             

  • Tuarascáil a thiomsú,
  • Inneachar na Tuarascála Saineolaithe,
  • Tuarascáil Eatramhach, 
  • Dualgais Ghinearálta na bPáirtithe,
  • Frustrachas ar an bPróiseas Measúnaithe, agus
  • Tuarascáil a chur faoi bhráid na Cúirte.

7. Scaoileadh na Tuarascála chuig na Páirtithe ag an gCúirt

8. Treoir maidir le Cathain ba chóir Glao a chur ar Shaineolaí mar Fhinné, lena n-áirítear:       

  • An Tuarascáil mar Fhianaise – Inghlacthacht, 
  • Cad is Finné Saineolaithe ann?
  • Glaoch ar Shaineolaí mar Fhinné, agus
  • Costais Tinrimh Fhinné Saineolaithe. 

9. An Sásra Gearán, lena n-áirítear:                                                    

10. Tuarascálacha a chomhroinnt leis na Páirtithe agus/nó leis na Leanaí agus/nó leis na Tríú Páirtithe (Tuarascálacha a Nochtadh) lena n-áirítear tuarascálacha a scaoileadh lasmuigh de na himeachtaí

11. Cosaint Sonraí (GDPR)                                                                        

Cuimsíonn an chuid dheireanach athbhreithniú foriomlán ar na treoirlínte.

Áirítear ar chomhaltaí an Choiste: An Breitheamh Nuala Jackson, an Ard-Chúirt (Cathaoirleach); An Breitheamh Sinéad Ní Chúlacháin, an Chúirt Chuarda; An Breitheamh Elizabeth Maguire, an Chúirt Chuarda; An Breitheamh John Campbell (an Chúirt Dúiche); An Breitheamh Maire Conneely, An Chúirt Dúiche.

 

Is féidir teacht ar na Treoirlínte ach cliceáil ar an nasc seo a leanas: Judicial Guidelines On The Commissioning Preparation Content & Usage Of Expert Reports In Family Law Proceedings 2026

Cuid de

Dlínse

  • High Court
  • District Court
  • Court Of Appeal
  • Superior Courts
  • Circuit Court