Socruithe Ard-Chúirte – Saoire na Cásca 2026

Generic High Court Notice Cropped for Drupal

Cuirtear na socruithe seo a leanas in iúl do chleachtóirí le linn Shaoire na Cásca 2026.

1. Suíonna Práinneacha thar Saoire na Cásca - Cúirt 6 Na Ceithre Cúirteanna

Teagmháil [email protected] or 01 8886000

Beidh Breitheamh Ard-Chúirte ar fáil gach lá le linn na Saoire chun iarratais phráinneacha amháin a éisteacht. Beidh gach suí os comhair an Bhreithimh saoire ar siúl ó Luan go hAoine i gCúirt 6 sna Ceithre Cúirteanna ag 11.00 r.n. mura gcuireann Cláraitheoir na hArd-Chúirte ar Dualgas a mhalairt in iúl.

I gcás aon ábhar den sórt sin, seol ríomhphost chuig [email protected] nó cuir gloach ar na Ceithre Cúirteanna ag 01-8886000 chun socruithe a dhéanamh le Cláraitheoir na hArd-Chúirte ar Dualgas..  NÍ liostófar iarratais os comhair an Bhreithimh Saoire gan deimhniú ón gCláraitheoir Ard-Chúirte ar Dualgas go bhfuil práinn leis an ábhar. Luaigh míniú ar an bpráinn i do ríomhphost.  

2. Suíonna Bannaí le linn Saoire na Cásca – Teach Cúirte Chnoc na Seamar

Teagmháil [email protected]

Chomh maith leis an méid sin roimhe seo, suífidh Liosta Bannaí na hArd-Chúirte i dTeach Cúirte Chnoc na Seamar ar na dátaí seo a leanas thar thréimhse Saoire na Cásca. 

  • Máirt 31 Márta 2026
  • Céadaoin 1 Aibreán 2026
  • Déardaoin 2 Aibreán 2026
  • Máirt 7 Aibreán 2025
  • Céadaoin 8 Aibreán 2026
  • Déardaoin 9 Aibreán 2026 

3. Suíonna Eiseachadta le linn Shaoire na Cásca – Cúirt 11 CCJ, Sráid Gheata na Páirce

Teagmháil[email protected]

Chomh maith leis an méid sin roimhe seo, suífidh an Liosta Saoire Eiseachadta sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla ar na dátaí seo a leanas thar an tréimhse Saoire chun déileáil le háPHRÁINNEACHA Eiseachadta amháin.

  • Céadaoin 1 Aibreán 2026 
  • Máirt 7 Aibreán 2025

Déantar é seo chun iarratais PRÁINNEACHA amháin agus nithe a cuireadh ar atráth go sonrach go dtí an dáta seo a éascú ag am níos luaithe chun, inter alia, teorainneacha ama reachtúla a éascú.

I gcás aon ní nár liostaíodh roimhe seo, déan teagmháil leis an mbosca poist um Eiseachadta chun socruithe a dhéanamh leis an gCláraitheoir Dleachta Eiseachadta más rud é go n-éilítear liostú  ar an dá dháta thuas amháin. Ní liostófar iarratais roimh shuí saoire an liosta Eiseachadta gan deimhniú ón gCláraitheoir Eiseachadta ar Dualgas go bhfuil an t-ábhar práinneach go leor.

4. Príomh-Oifig na hArd-Chúirte Uaireanta Oscailte

De réir Ordú 118 Riail 4 RSC dúnfaidh an Phríomh-Oifig ag 4.30i.n ar Dhéardaoin 2 Aibreán 2026 agus fanfaidh sí dúnta Aoine an Chéasta, Luan Cásca agus Máirt na Cásca.  Osclófar arís é ag 10r.n ar Chéadaoin 8 Aibreán 2026 agus beidh sé ar oscailt mar is gnách ag gach tráth eile le linn Shaoire na Cásca.

Is féidir gnó a dhéanamh sa Phríomh-Oifig trí choinne a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gcóras coinní ar líne https://www.courts.ie/ga/cuir-coinní-áirithe-ar-líne. Maidir le ceisteanna práinneacha, sa chás nach féidir áirithint a dhéanamh ar líne, seol ríomhphost [email protected] chun coinne a dhéanamh.

5. Uaireanta Oscailte an tSeomra Liosta

Dúnfar an Seomra Liosta ag 4.30i.n ar Aoine 27 Márta 2026 agus athosclófar é ag 10r.n ar Chéadaoin 8 Aibreán 2026.

6. Dialann Dlí

Foilseofar an Dialann Dlí ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna (www.courts.ie) gach lá a bheidh an Phríomh-Oifig ar oscailt le linn Shaoire na Cásca (Luan, 30 Márta, Máirt, 31 Márta, Céadaoin, 1 Aibreán, Déardaoin, 2 Aibreán, Céadaoin, 8 Aibreán, Déardaoin, 9 Aibreán, Aoine, 10 Aibreán).

 

Kim Duffy
Príomhchláraitheoir
26 Márta 2026