Halla Cruinn na gCeithre Cúirteanna - Oíche Chultúir 2025

Cuirfear turais phoiblí ar na Ceithre Cúirteanna ar siúl ar Oíche Chultúir 2025 agus beidh ceol traidisiúnta á sheinm sa Halla Cruinn stairiúil faoi bhun an chruinneacháin. Beidh roinnt sólaistí ar fáil. Beidh an t-imeacht saor in aisce, ach ní mór spásanna ar thurais a chur in áirithe roimh ré. Osclófar áirithintí níos gaire don dáta – beidh tuilleadh eolais ar fáil ar courts.ie/events. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhat ar an oíche.