Conas Iarratas a Dhéanamh

  1. Sula dtosaíonn tú

    Cad is gá a bheith ar eolas agat sula dtosaíonn tú ar d’iarratas ar chaomhnóireacht, coimeád nó rochtain.

  2. Smaoinigh ar idirghabháil agus ar chomhairle dlí

    Is féidir leat féin agus an freagróir teacht ar chomhaontú maidir le socruithe do bhur leanaí. Cuirfidh breitheamh aon chomhaontú san áireamh mar chuid d’iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chuig an gcúirt, ba cheart duit idirghabháil a mheas agus cinneadh a dhéanamh an bhfaighidh tú comhairle dlí ghairmiúil nó an ndéanfaidh tú ionadaíocht ort féin.

  3. Comhlánaigh d’fhoirm iarratais

    Chun iarratas a dhéanamh ar ordú maidir le socruithe do leanaí, beidh ort foirm iarratais a chomhlánú.

  4. Comhdaigh d’iarratas

    Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina bhfuil cónaí ort féin nó ar an bhfreagróir, nó ina n-oibríonn sibh. Má tá d’iarratas práinneach, cuir foireann na hoifige ar an eolas — d’fhéadfadh sé a bheith indéanta é a éisteacht i gceantar eile den Chúirt Dúiche.

  5. Seirbheáil an freagróir agus cuir cruthúnas seirbheála ar fáil

    Ní mór duit cóip den Fhógra agus den fhoirm iarratais a sheoladh chuig an bhfreagróir. Tugtar seirbheáil air seo. Beidh ort freisin cruthúnas seirbheála a chur ar fáil don chúirt trí Dhearbhú Reachtúil Seirbheála a chomhlánú.

  6. Comhdaigh cruthúnas seirbheála

    Ní mór duit Dearbhú Reachtúil Seirbheála a chomhdú san oifig cúirte. Má tá na doiciméid ar fad in ord, liostófar an cás don chúirt agus gheobhaidh tú dáta cúirte.

  7. Freastail ar an éisteacht cúirte

    Ba cheart duit féin agus an freagróir araon freastal ar an gcúirt. Éistfidh an breitheamh le fianaise ón dá thaobh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar an gcinneadh seo.

  8. Faigh an t-ordú cúirte

    Tar éis na héisteachta, gheobhaidh tú féin agus an freagróir cóip den ordú cúirte chomh luath agus a bheidh sé réidh.

Athruithe ar iarratas a dhéanamh maidir le socruithe do leanaí

Tiocfaidh foirmeacha iarratais nua i bhfeidhm an 3 Meitheamh 2025. Tabhair faoi deara nach nglacfar le seanfhoirmeacha tar éis an 3 Meitheamh. Beidh na foirmeacha nua ar fáil ar ár suíomh gréasáin ón 30 Bealtaine. Cinntigh go bhfuil tú ag úsáid na bhfoirmeacha cearta atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin faoi láthair.

Déantar formhór na n-iarratas ar chaomhnóireacht, coimeád agus rochtain sa Chúirt Dúiche. I gcásanna áirithe, a bhaineann le cásanna níos casta, is féidir iarratas a dhéanamh sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt. Tá a rialacha féin ag gach cúirt maidir le conas iarratas a dhéanamh ar ordú cúirte.

Chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche tá roinnt céimeanna le glacadh. Baineann an t-eolas a chuirtear ar fáil anseo le hiarratais ón gCúirt Dúiche ar chaomhnóireacht, ar choimeád, ar rochtain agus le hiarratais ar thoiliú caomhnóra chun pas a eisiúint a ligean thar ceal.

Tugtar an t-iarratasóir ar an duine atá ag déanamh iarratais. Tugtar an freagróir ar an duine a fhaigheann iarratas.

Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille as iarratais Dlí Teaghlaigh a dhéanamh. Ba cheart duit táillí a phlé le d’ionadaí dlíthiúil, nó le d’eadránaí má roghnaíonn tú a c(h)uid seirbhísí a úsáid.

Níl san eolas go léir ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d’iarratas ceart. B’fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Smaoinigh ar idirghabháil agus ar chomhairle dlí

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag cinntí Dlí Teaghlaigh ar rudaí cosúil le cothabháil, socruithe do do leanaí, an teach teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

Sula gcinneann tú iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt, ba cheart duit smaoineamh ar chomhaontú a bhaint amach le cabhair ó idirghabhálaí nó ó aturnae.

Is féidir le hidirghabháil cuidiú le haon díospóidí atá agat maidir le cothabháil a réiteach. Is seirbhís rúnda í. Tá gach idirghabhálaí neodrach.

Ní chun cabhrú le lánúineacha teacht le chéile arís atá idirghabháil. Tá sí ann chun tú a spreagadh chun comhoibriú agus socruithe atá inghlactha don dá thaobh a oibriú amach. Le linn na hidirghabhála, is féidir leat bualadh leis an idirghabhálaí le chéile nó ar leithligh.

Ar an meán, maireann idirghabháil idir trí agus sé sheisiún uair an chloig.

Má tá leanaí agat, is féidir le d’idirghabhálaí a chinntiú go gcloistear guth an linbh le linn an phróisis idirghabhála.

Is féidir do chomhaontú a athrú nó a leasú de réir mar is gá. Beidh ort dul chuig an gcúirt chun é seo a dhéanamh más rud é, mar shampla, go ndearnadh riail cúirte de do chomhaontú idirghabhála nó go bhfuil sé mar chuid d’ordú cúirte.

B’fhéidir gur mhaith leat freisin comhairle dlí a fháil chun do roghanna a thuiscint. Cé nach féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna comhairle a thabhairt do dhaoine ná iad a ionadú sa chúirt, is féidir linn a chur in iúl duit gur chóir go n-áireofaí i seirbhísí ionadaí dlíthiúil:

  • comhairle a thabhairt duit maidir le do chearta dlí
  • míniú a thabhairt ar an dóigh a bhféadfá comhaontú a bhaint amach
  • do pháipéarachas a ullmhú agus a chomhdú
  • labhairt ar do shon sa chúirt

Is féidir leat cinneadh a dhéanamh tú féin a ionadú i do chás. Má roghnaíonn tú tú féin a ionadú, beidh ort nósanna imeachta na cúirte a thuiscint.

Comhlánaigh foirm iarratais

Chun iarratas a dhéanamh ar ordú maidir le socruithe do leanaí, ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú.

Chun iarratas a dhéanamh ar ordú nua, ní mór duit foirm Iarratas maidir le socruithe do leanaí a líonadh isteach.

Chun iarratas a dhéanamh ordú atá ann cheana a athrú nó a chur ar ceal, ní mór duit foirm Iarratas chun ordú maidir le socruithe do leanaí a athrú nó a chur ar ceal a líonadh isteach.

Cad is brí leis na téarmaí seo:

  • Ordú a chur ar ceal ciallaíonn sé seo iarraidh ar an gcúirt deireadh a chur leis an ordú, agus na páirtithe a scaoileadh óna n-oibleagáidí.
  • Ordú a athrú ciallaíonn sé seo iarraidh ar an gcúirt ordú cúirte roimhe seo a athrú nó a mhodhnú.

Tábhachtach: Íoslódáil agus oscail an fhoirm ag úsáid Adobe Acrobat Reader.

Do chéad chéimeanna eile

  • Líon isteach an fhoirm iarratais chuí. Cinntigh go bhfuil an t-eolas ar fad a iarrtar curtha ar fáil agat.
  • Má tá ort tuilleadh leanaí cleithiúnacha a chur leis, comhlánaigh an fhoirm Sonraí breise faoin leanbh agus ceangail í le d’fhoirm iarratais.

Comhdaigh d’iarratas

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina bhfuil cónaí ort féin nó ar an bhfreagróir, nó ina n-oibríonn sibh.

Mura bhfuil tú cinnte cá háit ar cheart duit d’iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le d’oifig áitiúil den Chúirt Dúiche chun eolas a fháil. Má tá an t-ábhar práinneach agus mura féidir é a éisteacht i do cheantar den Chúirt Dúiche, d’fhéadfadh breitheamh i gceantar eile den Chúirt Dúiche d’iarratas a éisteacht. Cuir foireann oifig na cúirte ar an eolas faoin bpráinn.

Nuair a bheidh do shuíomh cúirte roghnaithe agat:

  • Comhdaigh trí chóip chomhionanna den fhoirm iarratais san oifig cúirte. Coinneofar cóip amháin ar chomhad na cúirte, seirbheálfar cóip amháin ar an bhfreagróir, agus tabharfar cóip amháin ar ais duit le haghaidh do thaifead.
  • Is féidir leat d’iarratas a chomhdú tríd an bpost nó go pearsanta. Tá seirbhís áirithinte coinne ag roinnt oifigí cúirte más mian leat freastal go pearsanta.

Cuir coinne in áirithe ar líne

Nóta: Más é d’oifig áitiúil Oifig Dlí Teaghlaigh Dúiche Bhaile Átha Cliath (ar a dtugtar Teach an Deilf freisin), cuirtear seirbhís ar fáil le coinne amháin.

  • Má tá an fhoirm iarratais comhlánaithe i gceart, sannfaidh ball d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna dáta éisteachta do d’iarratas agus eiseoidh sé/sí Fógra leis na sonraí éisteachta.

Seirbheáil an freagróir agus cuir cruthúnas seirbheála ar fáil

Tabharfaidh ball d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna dhá chóip den Fhógra agus den fhoirm iarratais ar ais duit. Ní mór cóip amháin den Fhógra agus den fhoirm iarratais a sheoladh chuig an bhfreagróir. Tugtar seirbheáil air seo. Is féidir seirbheáil a dhéanamh tríd an bpost cláraithe nó trí sheirbheáil phearsanta. Ba cheart na doiciméid a thabhairt don fhreagróir chomh luath agus is féidir, ach ar a laghad ceithre lá dhéag roimh dháta éisteachta na cúirte. Ba cheart duit an chóip eile a choinneáil le haghaidh do thaifead féin.

Mura féidir an freagróir a sheirbheáil tríd an bpost cláraithe nó trí sheirbheáil phearsanta, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar chead chun seirbheáil a dhéanamh ar bhealach eile. Tugtar iarratas ar sheirbheáil ionaid air seo. Cinnfidh breitheamh an bhfuil foirm eile seirbheála inghlactha, mar shampla tríd an ngnáthphost, ríomhphost nó modhanna leictreonacha eile.

Ní mór duit ansin cruthúnas a chur ar fáil go ndearnadh an Fógra agus an fhoirm iarratais a sheirbheáil ar an bhfreagróir. Tugtar cruthúnas seirbheála air seo. Chun cruthúnas seirbheála a chur ar fáil, ní mór duit foirm ar a dtugtar Dearbhú Reachtúil Seirbheála a líonadh isteach agus a dhearbhú. Is dearbhú é seo a dheimhníonn gur seirbheáladh na doiciméid ar an bhfreagróir. Ní mór an fhoirm seo a shíniú agus a dhearbhú i láthair aturnae (ach ní d’aturnae féin), Coimisinéara Mionnaí nó Coimisinéara Síochána.

Tuilleadh eolais faoi sheirbheáil iarratais agus cruthúnas seirbheála >

Comhdaigh cruthúnas seirbheála

Ní mór duit an Dearbhú Reachtúil Seirbheála a chomhdú san oifig cúirte. Ba cheart duit é seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir, ach ar a laghad dhá lá roimh dháta éisteachta na cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an t-iarratas don chúirt agus deimhneofar an éisteacht cúirte.

Nóta: Mura gcomhdaítear an Dearbhú Reachtúil Seirbheála in am, ní rachaidh an éisteacht cúirte ar aghaidh.

Freastail ar éisteacht cúirte

Ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an dáta, an t-am agus san áit atá leagtha amach san iarratas. Beidh éisteacht chúirte i gceist agus beidh sí ar siúl go príobháideach. Féadfaidh an freagróir freastal ar an gcúirt freisin ar an dáta atá luaite san iarratas.

Nuair a éistear an cás

Beidh ort do chás a leagan amach don bhreitheamh.

Cad ba chóir duit a thabhairt leat

Ba cheart duit aon doiciméid a thacaíonn le do chás a thabhairt leat chuig an gcúirt.

Cad a tharlaíonn ag an éisteacht chúirte

Beidh deis agatsa agus ag an bhfreagróir araon fianaise a thabhairt don chúirt agus ceisteanna a chur ar an bpáirtí eile faoina bhfianaise. Féadfaidh an breitheamh ceisteanna breise a chur freisin. Tar éis dó/di an fhianaise ar fad a chloisteáil, déanfaidh an breitheamh cinneadh ar an iarratas. Tugtar ordú cúirte air seo.

Mura bhfreastalaíonn tú ar an gcúirt, féadfaidh an breitheamh an cás a chur as an liosta. Ciallaíonn sé seo nach rachaidh an cás ar aghaidh agus beidh ort tús a chur leis an bpróiseas iomlán arís.

Mura bhfreastalaíonn an freagróir, féadfaidh an cás dul ar aghaidh gan iad agus féadfaidh an breitheamh ordú a dhéanamh ina n-éagmais.

Tuilleadh eolais faoi ullmhú do chúirt Dlí Teaghlaigh >

Má tá leanaí i gceist

I gcásanna áirithe ina bhfuil leanaí i gceist, d’fhéadfadh breitheamh eolas a iarraidh faoina leas, a sábháilteacht, a sláinte agus a gcúram. Má tá leanbh d’aois agus d’aibíocht leordhóthanach, d’fhéadfadh sé/sí a dtuairimí a chur san áireamh freisin. Chun an t-eolas seo a fháil, d’fhéadfadh an breitheamh a chinneadh go bhfuil tuarascáil ó shaineolaí ag teastáil.

Tuilleadh eolais faoi thuarascálacha maidir le leanaí >

Receive a court order

At the court hearing, the judge will make a decision on the application. The judge's decision is called a court order.

The court office will finalise the court order and send it to you and the respondent, or your solicitors, as soon as it is ready.

You should receive this within four weeks of the case being heard. If you do not receive the court order within this time, contact the court office.

You have the right to appeal if you are not happy with the decision of the judge. If you wish to appeal the decision, you must file your appeal documents within fourteen days of the court hearing.

More information about appealing a District Court order >

If a court order is not complied with you might want to get legal advice. You can also contact the court office where the order was made.