Foilseacháin ábhartha:
Treoracha Cleachtais:
Nótaire Poiblí
Ceapann an Príomh-Bhreitheamh Nótairí Poiblí ina suí i gcúirt oscailte. Déantar iarratais trí achainí ina léirítear áit chónaithe agus áitíocht an achainígh, agus a n-oiriúnacht chun bheith ceaptha ina nótaire poiblí. Ba cheart ráiteas a bheith san achainí go bhfuair an t-achainíoch deimhniú ó Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn i gcomhréir le forálacha Ordú 127 de Rialacha na nUaschúirteanna .
Ní mór an achainí a fhíorú le mionnscríbhinn an achainígh. Ba cheart deimhniú nó deimhnithe oiriúnachta arna síniú go ginearálta ag seisear ball de ghairm an dlí agus seisear ceannairí ón bpobal gnó áitiúil a thaispeáint sa mhionnscríbhinn.
Tugtar an achainí os comhair an Phríomh-Bhreithimh trí fhógra foriarratais nach mór a sheirbheáil trí Oifig na Cúirte Uachtaraí ar:
- Chláraitheoir Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn
- Rúnaí an Dlí-Chumainn.
Féadfaidh abhcóide nó aturnae an achainí a thairiscint thar ceann an achainígh nó féadfaidh an t-achainíoch í a thairiscint go pearsanta.
Is é an cleachtas ginearálta ná aturnaetha amháin a cheapadh mar nótairí poiblí. Nuair a dhéanann duine nach aturnae iarratas, ní mór dóibh gealltanas a thabhairt don Phríomh-Bhreitheamh gan dul i mbun tíolactha nó obair dhlíthiúil a dhéanann aturnae i gceart.
Is iad seo a leanas na táillí:
- Achainí - €85.00
- Mionnscríbhinn - €20.00
- Fógra Foriarratais - €60.00
- Ar Fhógra Foriarratais a Thaisceadh - €6.50
- Gach cóip a sheirbheáil - €1.00
- Ar choimisiún (má éiríonn leis an iarratas) - €330.00
Eolas agus Foirmeacha
- Faisnéis maidir le hiarratas a dhéanamh chun bheith mar nótaire poiblí
- Achainí ag iarraidh a bheith ceaptha mar nótaire poiblí
- Fógra foriarratais lena bhféachtar le bheith ceaptha mar nótaire poiblí
- Mionnscríbhinn ag iarraidh a bheith ceaptha mar nótaire poiblí
- Deimhniú cónaitheoirí do dhuine atá ag iarraidh a bheith ceaptha mar nótaire poiblí
- Deimhniú chomhaltaí ghairm an dlí do dhuine atá ag iarraidh a bheith ceaptha mar nótaire poiblí