Baile Átha Cliath - Na Ceithre Cúirteanna - Uasdátú do gach cleachtóir agus úsáideoir cúirte ag filleadh ar Fhoirgneamh Gandon an tseachtain seo - 7 Meán Fómhair 2026

Gandon Ground Floor Users

Oibreacha geata iontrála Fhoirgneamh Gandon (Cuid d’oibreacha uasghrádaithe dóiteáin agus inrochtaineachta Fhoirgneamh Gandon atá ar siúl faoi láthair)

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ag tabhairt faoi chlár oibreacha feabhsúcháin inrochtaineachta do gheataí iontrála na gCeithre Cúirteanna le linn na laethanta saoire fhada.

Tá geataí atá inrochtana do chathaoireacha rothaí á nascadh. Cé go bhfuil sé seo ag tarlú, beidh ar na geataí casta fanacht dúnta. Meastar go leanfaidh na hoibreacha seo ar aghaidh go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair 2026. Sonraítear thíos na hoibreacha agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shealbhóirí cárta rochtana.

Plás na Seansaireachta agus Iontrálacha Taobh Luas

Beidh geata casta amháin ar fáil le haghaidh iontrála agus imeachta le linn céimeanna áirithe de na hoibreacha.

Beidh an cur isteach seo ar siúl ó am go chéile i rith mhí Mheán Fómhair, agus beidh comharthaíocht i bhfeidhm ar laethanta ábhartha.

Oibreacha uasghrádaithe sábháilteachta dóiteáin agus inrochtaineachta go bunurlár, Foirgneamh Gandon, leanann na Ceithe Cúirteanna ar aghaidh:

Tá tús curtha ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) leis an huasghráduithe seo lena n-áirítear móroibreacha athchóirithe ar an áis leithris inrochtana agus leithris na bhfear in aice láimhe ar urlár na talún. Chun ligeant do seo tarlú, agus na huasghráduithe sábháilteachta dóiteáin, b’fhéidir go bhfeicfidh tú agus go gcloisfidh tú oibreacha atá á ndéanamh ar urlár na talún i bhfoirgneamh Gandon agus chuig bealaí isteach sa choimpléasc.

Mar gheall ar chur isteach ar fhuaim ó na hoibreacha, athlonnaíodh na seomraí cúirte seo a leanas do mhí Mheán Fómhair 2026:

  • Tá suíonna saoire práinneacha na hArd-Chúirte i gCúirt 6 ar siúl i gCúirt 1
  • Tá suíonna sibhialta Chúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath i gCúirt 23 ar siúl i gCúirt 27, 2ú hurlár, Foirgneamh Gandon
  • Tá gnó Chúirt 7 ag athlonnú go dtí Cúirt 10

Déanfar athlonnú sealadach cúirte eile a uasdátú le fógraí ar dhoirse na cúirte nó ar courts.ie.

Gabhaimid ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht d’úsáideoirí cúirte agus déanaimid feabhsuithe ar an bhfoirgneamh chun saoráidí cúirte níos nua-aimsearaí a sholáthar don lá atá inniu ann agus don todhchaí.

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • High Court
  • District Court
  • Superior Courts
  • Circuit Court