Oibreacha geata
iontrála Fhoirgneamh Gandon (Cuid d’oibreacha uasghrádaithe dóiteáin agus
inrochtaineachta Fhoirgneamh Gandon atá ar siúl faoi láthair)
Tá Oifig na
nOibreacha Poiblí (OPW) ag tabhairt faoi chlár oibreacha feabhsúcháin
inrochtaineachta do gheataí iontrála na gCeithre Cúirteanna le linn na
laethanta saoire fhada.
Tá geataí atá
inrochtana do chathaoireacha rothaí á nascadh. Cé go bhfuil sé seo ag tarlú,
beidh ar na geataí casta fanacht dúnta. Meastar go leanfaidh na hoibreacha seo
ar aghaidh go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair 2026. Sonraítear thíos na
hoibreacha agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shealbhóirí cárta
rochtana.
Plás na
Seansaireachta agus Iontrálacha Taobh Luas
Beidh geata
casta amháin ar fáil le haghaidh iontrála agus imeachta le linn céimeanna
áirithe de na hoibreacha.
Beidh an cur
isteach seo ar siúl ó am go chéile i rith mhí Mheán Fómhair, agus beidh
comharthaíocht i bhfeidhm ar laethanta ábhartha.
Oibreacha
uasghrádaithe sábháilteachta dóiteáin agus inrochtaineachta go bunurlár,
Foirgneamh Gandon, leanann na Ceithe Cúirteanna ar aghaidh:
Tá tús curtha ag
Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) leis an huasghráduithe seo lena n-áirítear
móroibreacha athchóirithe ar an áis leithris inrochtana agus leithris na bhfear
in aice láimhe ar urlár na talún. Chun ligeant do seo tarlú, agus na
huasghráduithe sábháilteachta dóiteáin, b’fhéidir go bhfeicfidh tú agus go
gcloisfidh tú oibreacha atá á ndéanamh ar urlár na talún i bhfoirgneamh Gandon
agus chuig bealaí isteach sa choimpléasc.
Mar gheall ar
chur isteach ar fhuaim ó na hoibreacha, athlonnaíodh na seomraí cúirte seo a
leanas do mhí Mheán Fómhair 2026:
- Tá suíonna saoire práinneacha na hArd-Chúirte i gCúirt 6 ar siúl i
gCúirt 1
- Tá suíonna sibhialta Chúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath i
gCúirt 23 ar siúl i gCúirt 27, 2ú hurlár, Foirgneamh Gandon
- Tá gnó Chúirt 7 ag athlonnú go dtí Cúirt 10
Déanfar athlonnú
sealadach cúirte eile a uasdátú le fógraí ar dhoirse na cúirte nó ar courts.ie.
Gabhaimid ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht d’úsáideoirí cúirte agus déanaimid feabhsuithe ar an bhfoirgneamh chun saoráidí cúirte níos nua-aimsearaí a sholáthar don lá atá inniu ann agus don todhchaí.