
An Chúirt Chuarda
Cuaird an Oirdheiscirt
De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi Alt 10 d'Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh Chuaird an Oirdheiscirt, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, ordaímse, Patricia Ryan, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:
- Go dtosóidh suí Chúirt Chuarda Chill Chainnigh atá sceidealta le tosú ar Mháirt 17 Samhain 2026 ar Mháirt 3 Samhain 2026 ina ionad sin agus go leanfaidh sé ar aghaidh chomh fada agus is gá chun déileáil le gnó coiriúil agus le gnó eile a chuirtear ar ais chuig Cill Chainnigh.
- Go bhfoilseofar an tOrdú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie
Arna dhátú an 6ú lá seo de Mhárta 2026
Patricia Ryan
Uachtarán na Cúirte Cuarda